Focail Eile
2017-09-05 13:00 —
Glao ar iarratais le haghaidh socrúchán cruthaitheach liteartha 8 seachtaine, 15 Deireadh Fómhair go 15 Nollaig 2017, i dTír na mBascach do scríbhneoirí Gaeilge
1. Cad é Focail Eile?
Is clár comhpháirtíochta é Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha/teanga i réigiúin Eorpacha a bhfuil sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh. Gach bliain roghnóidh gach eagraíocht chomhpháirtíochta dhá scríbhneoir le haghaidh socrúchán liteartha in dhá réigiún eile san Eoraip. Chomh maith leis sin cuirfidh gach réigiún fáilte roimh dhá scríbhneoir ó réigiúin eile. Aistreofar na saothair a scríobhfar le linn na socrúchán liteartha go teangacha na bpobal atá páirteach agus go Béarla, agus foilseofar iad ar shuíomh gréasáin Focail Eile agus ar pár.
Is iad na réigiúin atá páirteach Éire, an Mhacadóin, an tSlóivéin, An Fhreaslainn agus Tír na mBascach.
2. Cad iad cuspóirí Focail Eile?
3. Cad iad na spriocdhátaí?
Is é an spriocdháta le hiarratais a chur isteach 1 p.m. an 8 Meán Fómhair 2017.
Beidh an socrúchán liteartha ar siúl idir 15 Deireadh Fómhair - 15 Nollaig 2017.
Ainmneoidh Foras na Gaeilge aon iarrthóir rathúil amháin ó Éirinn de thoradh ar an nglao seo ar iarratais.
4. Cad iad na coinníollacha nach mór d’iarrthóirí a chomhlíonadh le bheith roghnaithe?
Tá tionscadal liteartha le bheith scríofa i nGaeilge, ina mbeidh téacs a bheadh aon duine amháin in ann a scríobh laistigh de 8 seachtaine. Tabhair faoi deara, caithfidh ardchaighdeán Gaeilge idir scríofa agus labhartha a bheith ag iarrthóirí.
Caithfidh an saothar a chruthófar le linn an tsocrúcháin liteartha a bheith in ann seasamh ann féin, ach féadfaidh sé a bheith mar chuid de thionscadal níos leithne (e.g. caibidil in úrscéal, scéal, dráma, díolaim dánta).
5. Cad é a mheastar a bheith ina thionscadal liteartha?
Sa ghlao seo ar iarratais áirítear ar thionscadail liteartha ficsean, filíocht, neamhfhicsean (aistí, cuimhní etc.), úrscéalta grafacha, léirmheas liteartha, litríocht bheathaisnéise/dírbheathaisnéise chomhaimseartha, scríbhneoireacht scáileáin agus téatair.
Níl téacsanna reiligiúnacha, oideachais agus acadúla san áireamh sa sainmhíniú seo (agus, dá réir, sa ghlao seo ar iarratais).
6. Cad é atá le fáil?
8. Conas a chaithfear iarratais a dhéanamh?
Caithfidh iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur isteach:
9. Cad iad na critéir roghnúcháin?
Déanfar iarratais a mheasúnú de réir na gcritéar seo a leanas:
10. Cé a roghnóidh an scríbhneoir?
Painéal measúnaithe a roghnóidh an scríbhneoir nó na scríbhneoirí. Is féidir scríbhneoir amháin nó níos mó ná scríbhneoir amháin a roghnú. Ar an bpainéal beidh:
11. Cén nós imeachta a leanfar?
Féadann na hiarrthóirí a n-iarratais a chur isteach a fhad le 5 p.m. an 16 Feabhra 2017 ar dhá bhealach:
Focail Eile
Foras na Gaeilge
2-4 Sráid na Banríona
Béal Feirste
BT1 6ED
Is féidir leis an gcoiste measúnaithe an glao a fhógairt ar neamhní má shocraíonn sé nach gcomhlíonann na hiarratasóirí gach coinníoll sa doiciméad seo.
12. Cad é atá ag teastáil ó na scríbhneoirí a roghnófar?
Déanfaidh na scríbhneoirí roghnaithe na nithe a leanas:
13. Conas a dhéanfar íocaíochtaí?
Déanfaidh Foras na Gaeilge íocaíocht mar seo a leanas:
14. Cad iad na coinníollacha maidir le maoin intleachtúil?
Maidir leis na saothair a dhéanfar le linn na tréimhse cónaithe, clárófar ceadúnais de réir phointe 7 (le Creative Commons i gcónaí, ach ag úsáid an chineáil ceadúnais a chomhaontófar leis an údar).
Comhaontóidh scríbhneoirí roghnaithe go sainráite le húsáid a n-ainm – i leith chuspóirí an ghlao seo amháin – acu siúd atá freagrach as an gclár Focail Eile de réir mar a mheasann siad a bheith cuí.
Ceadaíonn rannpháirtithe Focail Eile go n-úsáidfear a n-íomhánna (grianghraif, físeáin, etc.) laistigh de réim an tionscadail, le haghaidh eolais agus bolscaireachta.
15. Comhlíonadh an dlí um chosaint sonraí
De réir choinníollacha an dlí um chosaint sonraí beidh sonraí a chuirfear ar fáil á gcoinneáil i mbunachar ríomhaire i seilbh Fhoras na Gaeilge agus ní úsáidfear iad ach chun eolas ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus ar chláir chultúrtha amháin a eisiúint. Ní chuirfear na sonraí thuasluaite, i dtosca ar bith, chuig aon tríú páirtí taobh amuigh d’eagraíochtaí comhpháirtíochta Focail Eile gan réamhchead an údair. I gcás ar bith, beidh na rannpháirtithe in ann an ceart a fheidhmiú na sonraí a rochtain, a cheartú, a chealú agus cur ina n-éadan trí scríobh chuig oifigigh Fhoras na Gaeilge, 2-4 Sráid na Banríona, Béal Feirste, BT1 6ED.
16. Cad é atá i gceist le comhaontú leis na coinníollacha?
Má ghlacann tú páirt sa ghlao seo cuireann tú in iúl go nglacann tú leis na coinníollacha go léir a shonraítear sa doiciméad seo. Ar an gcaoi chéanna níl dul thar bhreith an phainéil measúnaithe agus níl sin faoi réir achomhairc. Maidir le gach ní nach mbeartaítear sa doi
ciméad seo, tá an t-údarás dlíthiúil ag Foras na Gaeilge an cinneadh deiridh a dhéanamh.