Focail Eile
2016-12-08 14:00 —
Féasta Filíóchta sa Chultúrlann, filíocht Yoseba i nGaeilge
Seo sampla dena dánta a léadh le linn an Fhéasta Filíochta
Seo dán a chum Yoseba é féin.
UTOPIKOA
1
Esan ziguten:
egiak askatuko zaituzte.
Esan ziguten:
zuen burua deskolonizatu behar da
zuen lurra deskolonizatu aurretik.
Esan ziguten:
hizkuntza zuen territorio librea da.
Esan ziguten: zerua daukazue zain.
2
Matxinatzea ilegal deklaratu zuten,
telebistatik ihes egitea, debekatu.
Izenetan banandu gintuzten,
kontzeptuetan gatibatu.
Mugak eraiki zituzten,
multinazionalak puztu eta aireratu.
Esan ziguten: poesia mailu bat da.
3
Esan ziguten:
euskaldunak zarete,
zuen hizkuntza, zuen kultura, zuek...
hiltzear zaudete.
Gaude.
Esan ziguten.
5
Egia biluztu genuenean,
jendeak barre egin zion.
Eta lurra deskolonizatzean, esklabotzatik morrontzara pasa ginen.
Pentsamendua haiek konkistatutako hitzetan gatibu da
eta zerua itsaso zikin bat da,
status quoren pilulak
otzanago irensteko.
6
Ezker, eskuin,
klase gatazka,
proletario,
erreferendum,
printzesa,
emakume,
gizon,
amets:
sasiak baino ez labirintoko bazterretan.
Ez zuten sarrerarik egin,
ez helmugarik.
7
Poesia mailua izan arren,
ordurako besoak galduta geneuzkan
maite ez gintuen aitaren etxea
defendatzerren.
Ez ziguten ezer utzi eta,
halere,
ezerezean mundu oso bat daukagu.
Zirrikitu bat gelditu zen,
zulo, lubaki, amildegi.
Eta esan ziguten...
baina jada ez genien jaramonik egin.
ÚTÓIPEACH
1
Dúirt siad linn;
go scaoilfeadh an fhírinne saor sibh.
Dúirt siad linn:
déanaigí sibh féin a dhíchoilíniú
sula ndéanann sibh bhur dtír a dhíchoilíniú.
Dúirt siad linn:
Is é an teanga bhur ndúiche shaoirse.
Dúirt siad linn: go neamh a théann sibh.
2
D’fhógair siad é a bheith mídhleathach éirí amach;
toirmiscthe éalú ón teilifís.
Roinn siad sinn inár mbriathra,
faoi bhraighdeanas i gcoincheapa.
Rinne siad iarracht teorainneacha a thógáil,
shéid siad suas comhlachtaí ilnáisiúnta agus chuir ag eitilt iad.
Dúirt siad linn: is casúr í an fhilíocht.
3
Dúirt siad linn: is Bascaigh sibh,
tá bhur dteanga, bhur gcultúr, sibh féin...
ar tí éag,
mar sin féin
Dúirt siad linn.
5
Nuair a nochtamar an fhírinne
ní dhearna daoine ach gáire faoi.
Ag díchoilíniú na tíre,
bhogamar ón sclábhaíocht go dtí an daorsmacht.
Tá an smaoineamh i mbraighdeanas;
i bhfocail a threascair siad,
agus is muir shalach í an spéir,
lena slogaimid siar, sinn níos ceansa,
piollaí an status quo.
6
Clé, deas,
coimhlint aicme,
prólatáireacht,
reifreann
banphrionsa,
bean,
fear,
aisling:
níl ann ach driseacha
i gcúinní na cathrach gríobháin.
Níor oscail siad aon bhealach isteach,
aon bhealach amach.
7
Agus cé gur casúr í go dearfach an fhilíocht,
faoin am sin bhí ár n-airm caillte againn
ag cosaint
theach an athar nár ghráigh sinn.
Níor fhág siad tada againn agus,
fós,
tá domhan iomlán againn sa neamhní sin.
D’fhan scoilt,
poll, clais, aibhéis.
Agus dúirt siad linn...
fós, ansin, rinneamar neamhaird díobh.
Slua ag tabhairt an-éisteacht don fhilíocht!
AZAZKALAK MARGOTUTA
Espero ez zuenean,
zahartzaroa heldu zitzaion.
Enboliak ahoz gora lotu du
ospitaleko ohe batera,
mugiezinik,
aurpegia deformatuta.
Ezpainak siku eta zabalik datza,
zunda sudurrean.
Arnasa hartuz eta botatzen
borrokatzen dihardu,
pafa-pafa.
Ahokada bakoitzak
azkena dirudi.
Gure amak ez dizkio gauza
batzuk barkatzen
eta ez da etorri;
arreba bizitzari lotuegi dago
semetxoarekin.
Zelan zagoz?
galdetzen dio aitak goxo,
umeei bezala.
Amamak eskua heldu dio,
laztandu.
Ez dakigu ulertzen duen.
Gosaltzeko emon dotzue?,
aitak alai.
Baietz esateko
sakatuidazu eskue.
Baina eskuak
laztantzen jarraitzen du,
laztantzen.
Herriko neskarik politena zen;
oraindik daramatza
azazkalak arrosaz margotuta.
Baina argi urdin dirdiratsu horiek...
horiek amatatu egin zaizkio,
marroitu.
Itxi begitxuek
baietz esateko.
Eta begi bat itxi egin du, kliskatu:
erromerietan askok eskatzen omen zioten keinua,
bizitzaren adierazgarri da
oraindik.
Eskuak
laztantzen jarraitzen du,
laztantzen.
Bueltan,
aita futbolaz berba egiten hasi da.
INGNE PÉINTEÁILTE
Tháinig an tseanaois
nuair nach raibh sí ag dréim léi.
Tá an eambólacht tar éis í a cheangal de shlabhra
ar a droim ar leaba ospidéil,
sioctha,
a haghaidh as cruth.
Í ina luí agus a beola ar leathadh, tirim,
cataitéar sróine,
ag streachailt le hanálú isteach,
análú amach,
sisss-siúúbhbh
Gach anáil a béil
ar an gceann deiridh, is cosúil.
Ní mhaitheann Mamaí
cuid rudaí di
agus níor tháinig sí.
Tá mo dheirfiúr róghafa leis an saol
lena buachaillín óg.
Cad é an craic?
a fhiafraíonn Daidí di,
go séimh, mar a bheadh sé ag labhairt le leanaí.
Greim láimhe ag Mamó air,
á cuimilt.
Níl a fhios againn an dtuigeann sí.
Ar thug siad bricfeasta duit?
Daidí, sona.
Fáisc mo lámh
le freagra a thabhairt.
Ach leanann an lámh
ar aghaidh ag cuimilt,
ag cuimilt
An cailín ab áille ar an mbaile ba ea í;
péinteálann sí fós
a hingne, pinc.
Ach na soilse gorma dallraitheacha úd,
tá siad lagaithe,
deataithe.
Druid do shúile
le freagra thabhairt
Agus tá ceann amháin druidte aici, caochadh:
an comhartha
a d’iarr a lán uirthi ag na féilte,
is comhartha beochta é
fós.
Tá an lámh
fós ag cuimilt,
ag cuimilt.
Ar ais go dtí an carr,
tá Daidí tosaithe ag caint ar pheil cheana féin.
Tharla gur comóradh ar 1916 an bhliain seo agus aistríodh roinnt dánta de chuid Phádraig Mac Piarais ó Ghaeilge go Bascais. Is é Koldo Izagirre an aistritheoir. Is féidir iad a léamh anseo:
http://ekarriak.armiarma.eus/zizkak/?piaraiis001